Tá tús curtha le Sceideal an Fhómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus beidh féasta de chláracha ceoil, siamsaíocht, nuacht agus cúrsaí reatha chomh maith le rogha spéisiúil dramaíochta agus a lán eile le cloisteáil gach uile lá.
Tosóidh Jó Johnny Joe, mórshraith nua drámaíochta dúghrinn, faoin gceoltóir Johnny Ó Dúill ar an Domhnach 14ú Meán Fómhair ag 7.30pm. Nascann an saothar seo ceol beo den scoth le greann agus brón i scéal corraitheach, siamsúil agus teannasach, ina bhfuil scoth na n-aisteoirí gairmiúla páirteach ann, ina measc: Darach Ó Dubháin, Sorcha Ní Chéide, Macdara Ó Fátharta, Ella Nic Dhomhnaill, Máire Eilís Ní Fhlatharta & Bríd Ní Neachtain agus go leor eile. Scríofa ag an drámadóir aitheanta, Darach Mac Con Iomaire, is léiriú é seo de chuid Stiúideo Cuan, i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Coimisiún na Meán, arna mhaoiniú ag an táille ceadúnais teilifíse.
Beidh sraith nua den chlár Cuan an Cheoil le Liam Ó Maonlaí le cloisteáil gach Déardaoin ag 7pm ón 11ú Meán Fómhair. Labhraíonn Liam le ceoltóirí aitheanta faoina gceird agus faoina saol, agus i measc na n-aíonna a chloisfimid beidh: Máire agus Étáin Ní Churraoin, Doireann Ní Ghlacáin agus Libby McCrohan, Cathal Ó Curráin agus Megan Nic Fhionnghaile, Pauline Scanlon, John Spillane agus a lán eile. Beidh físeáin de na cláracha le feiceáil ar Youtube gach seachtain freisin. Is léiriú de chuid Stiúideo Cuan maoinithe ag Coimisiún na Meáin faoin scéim Fuaim & Fís an tsraith seo.
Beidh Máire Treasa Ní Dhubhghaill ar ais le sraith nua de Pé Scéal É, a chloisfear gach Aoine ag 3pm ón 12ú Meán Fómhair. Sa tsraith shiamsúil seo, cuirfidh Máire Treasa tús breá bríomhar leis an deireadh seachtaine, le ceol beo sa stiúideo, agallaimh spéisiúla, craic agus comhrá le pobal óg na nGael, timpeall na tíre agus ar fud na cruinne. Pé scéal atá le plé beidh sé ar Pé Scéal É!

Chun tús a chur le Oíche Chultúir ar an 19ú Meán Fómhair, beidh Pé Scéal É ag craoladh beo ón Taibhdhearc, i gcroílár chathair na Gaillimhe ón 3-5pm. Beidh blaiseadh de scléip na hoíche le cloisteáil ar an gclár, le ceoltóirí, amhránaithe, aisteoirí, ealaíontóirí agus a lán eile.
Beidh sraith nua de An Cúinne Dána le cloisteáil gach Déardaoin ag 2.05pm ón 11ú Meán Fómhair ar aghaidh. Sa tsraith seo, tabharfaidh Tristan Rosenstock spléachadh ar na healaíona, idir dhramaíocht, litríocht, scannáin agus cheol. Beidh agallaimh le mórealaíontóirí na tíre, léirmheasanna agus go leor eile le cloisteáil chomh maith.
Beidh féasta ceoil ar na haerthonnta i rith na seachtaine chomh maith. Beidh Gráinne Ní Dhomhnaill ar ais le Nead na Fuiseoige gach maidin ón 7am, agus beidh sos ó scéalta móra an lae ag Eibhlín de Bhailís ar Cuideachta Ceoil gach maidin ó Luan go hAoine ag 10.15am.
Tabharfaidh rogha fhairsing ceoil Dónal Mac Ruairí ar Cóisir Cheoil lón anama d'éisteoirí idir 2.30-5pm ón Luan go Déardaoin, agus beidh plúr na gceoltóirí traidisiúnta le cloisteáil ar Ceol Binn Ó na Beanna le Neansaí Ní Choisdealbha gach Luan go Céadaoin ón 7-9pm. Beidh Seoda Foinn leis an amhránaí clúiteach agus buaiteoir Chorn Uí Riada, Caitlín Ní Chualáin, ar ais gach Déardaoin ag 8.30pm, le scoth an tsean-nóis ó fhonnadóirí na linne seo agus ón chartlann. Gach Aoine, ón 7-9pm, beidh an ceoltóir agus cumadóir aitheanta Peadar Ó Riada sa chathaoir le Cuireadh Chun Ceoil.
Beidh An Taobh Tuathail, atá ag ceiliúradh 26 bliain ar an aer, ar ais gach Luan ón 11pm – 1am agus gach Máirt go Aoine ó 10pm go meán oíche. Aimseoidh Cian na fuaimeanna is úire agus is spreagúla ar dhromchla na cruinne - ó cheirníní leictreonacha úrnua, fuaimeanna sícideileacha, agus ceolta nua Éireannacha agus domhanda.
Má tá do chroí istigh sa cheol tíre, beidh An Bóthar go Nashville le Jó Ní Chéide ar siúl gach Luan ón 9-11pm agus Tequilla Tíre le Josie Ó Cualáin gach Domhnach ó 9-11pm.

Beidh mionchíoradh á dhéanamh ag Gormfhlaith Ní Thuairisg ar scéalta Gaeltachta, scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta ar Adhmhaidin gach maidin ó Luan go hAoine ón 8am, agus beidh Nuacht a hAon ag 1pm le Fionnuala Ní Neachtain, Máirín Ní Ghadhra agus Colm Mac Giolla Easpaig sa chathaoir. Beidh scéalta móra nuachta á bplé ag Fachtna Ó Drisceoil agus é ar ais ar Tús Áite, ag 5pm i rith na seachtaine. Ar an Satharn ag 11am, déanfar cíoradh ar scéalta móra nuachta agus polaitíochta ar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra. I measc na n-imeachtaí cúrsaí reatha a mbeidh foireann RTE Raidió na Gaeltachta i lár an aonaigh iontu an Fómhar seo, beidh an Cháinaisnéis agus Toghchán na hUachtaránachta.
Beidh meitheal spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an mbóthar le tráchtaireacht, anailís agus tuairisceoireacht ar chúrsaí spóirt thiar, thuaidh, theas agus thoir i gcaitheamh na bliana. Beidh na comórtais craoibhe sna contaetha Gaeltachta á gcraoladh beo, babhtaí cinniúnacha i gCraobh na gClub agus na cluichí idirchontae sa bhliain nua nuair a chuirfear tús leis an tSraith Náisiúnta arís. Déanfar neart plé ar na scéalta móra spóirt anseo sa bhaile agus níos faide ó bhaile ar Spórt an tSathairn, Spórt an Tráthnóna agus Spórt an Lae gach deireadh seachtaine.
Seolfar sraith nua ceoil an geimhreadh seo, comhléiriú idir Raidió na Gaeltachta agus BBC Radio nan Gàidheal, curtha i láthair ag Dónal Mac Ruairí agus Joy Dunlop a nascann ceol agus amhráin na hÉireann agus na hAlban. I mí na Samhna, beidh Raidió na Gaeltachta i lár an aonaigh le ceol, craic agus craoltaí speisialta, beo ó Oireachtas na Samhna 2025 i mBéal Feiriste. Fógrófar a thuilleadh faoi na cláracha seo agus a lán eile in am trátha.
Tá an sceideal iomlán agus breis eolais le fáil ag www.rte.ie/rnag