Following a widespread public consultation RTÉ has published A New Direction, its Statement of Strategy for 2025 to 2029.
The plan provides further detail on RTÉ's strategic vision document published last November, and sets out how, over the next five years, RTÉ will respond to the urgent need for transformation and for the restoration of trust to ensure the relevance of RTÉ, to audiences and within the sector, into the future.
Read RTÉ's New Direction strategy here.
In tandem, RTÉ has published a new Governance Framework, which will provide the RTÉ Board, management, staff and external stakeholders with a comprehensive guide to RTÉ's governance arrangements.
Read the new Governance Framework here.
Read RTÉ's implementation plan following recommendations by the Government’s Expert Advisory committees.
RTÉ's planned transformation takes account of major changes in the media landscape, evolving audience preferences and behaviours and the expanding role and importance of public service media. It also recognises the need for changes inside RTÉ.
Over the period of this strategy, RTÉ will be improved and streamlined, with the adoption of new ways of working internally and with external partners, particularly the independent sector. The content that RTÉ provides to audiences will evolve, with more programmes that share uniquely Irish stories, national moments, and shared experiences.
The strategy sets out five goals for RTÉ to achieve the required transformation of the organisation, along with the initiatives that will support these goals and the milestones RTÉ aims to reach during the lifetime of the strategy:
- Goal 1: Engage audiences with high-quality impactful content
- Goal 2: Provide excellent streaming products and services
- Goal 3: Diversify production and support sectoral development across Ireland
- Goal 4: Ensure robust financial management performance
- Goal 5: Build a sustainable, trusted and responsible organisation
___________
Tar éis comhairliúchán poiblí forleathan d'fhoilsigh RTÉ Treo Nua: Ráiteas Straitéise 2025 – 2029 inniu ina dtugtar tuilleadh sonraí ar cháipéis maidir le fís straitéiseach RTÉ a foilsíodh i mí na Samhna seo caite. Leagtar amach i Treo Nua: Ráiteas Straitéise 2025 – 2029 an chaoi a bhfreagróidh RTÉ, sna cúig bliana amach romhainn, don ghá práinneach atá le bunathrú agus le muinín a fháil arais chun an tábhacht a bhaineann le RTÉ, don lucht féachana agus éisteachta agus laistigh den earnáil, a chinntiú amach anseo. In éineacht leis sin, d’fhoilsigh RTÉ Creat Rialachais nua, a chuirfidh treoir chuimsitheach maidir le socruithe rialachais RTÉ ar fáil do Bhord RTÉ, don bhainistíocht, don fhoireann agus do pháirtithe leasmhara seachtracha.
Leis an mbunathrú atá beartaithe ag RTÉ, cuirtear san áireamh athruithe móra i dtírdhreach na meán, athruithe ar roghanna agus iompraíochtaí lucht féachana agus éisteachta agus ról agus tábhacht mhéadaitheach na meán seirbhíse poiblí. Aithnítear freisin ann an gá atá le hathruithe laistigh de RTÉ. Le linn thréimhse na straitéise seo, déanfar RTÉ a fheabhsú agus a shruthlíniú, trí bhealaí nua oibre a ghlacadh go hinmheánach agus le comhpháirtithe seachtracha, go háirithe leis an earnáil neamhspleách. Déanfar forbairt ar an ábhar a chuirfidh RTÉ ar fáil don lucht féachana agus éisteachta agus beidh níos mó cláracha ina roinnfear scéalta uathúla mhuintir na hÉireann, ócáidí móra náisiúnta agus eispéiris chomhroinnte ar fáil.
Cuimsítear sa straitéis seo freisin aiseolas ó chomhairliúcháin leis an bpobal, le foireann RTÉ agus le grúpa níos leithne páirtithe leasmhara, a spreag léargais a ghéaraigh an fócas ar réimsí gníomhaíochta agus a mhúnlaigh an straitéis a tháinig as. Tríd is tríd, thug an comhairliúchán ábhar misnigh dúinn go raibh an treo straitéiseach ceart agus bhí comhaontú ginearálta ann maidir le príomhphointí (féach thíos).
Is féidir Treo Nua: Ráiteas Straitéise 2025 – 2029 (2025 – 2029)
Creat Rialachais Nua RTÉ a léamh anseo.
Is éard a dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst faoi sheoladh na stráitéise: Baineann an Stráitéis Treo Nua seo le todhchaí RTÉ agus leis an tábhacht a bhaineann le RTÉ a bhfuil bunathrú déanta air. Baineann sé le seirbhís phoiblí atá láidir agus neamhspleách a sholáthar, seirbhís a bheidh ar fáil do chách; baineann sé le heagraíocht atá iontaofa a chruthú a dhéanfaidh beart do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann; baineann sé le tacú le huaillmhian chruthaitheach agus le nuálaíocht dhigiteach; baineann sé le tacú le cultúr na hÉireann agus le daoine a thabhairt le chéile; baineann sé le léargas a thabhairt ar an tír ar fad agus le tacú leis an tionscal cruthaitheach ar fud an oileáin.Leagtar amach sa straitéis seo athrú uaillmhianach ar an gcaoi a ndéanaimid soláthar don lucht féachana agus éisteachta agus ar an gcaoi a reáchtáilimid an eagraíocht; ar an gcaoi a gcinntímid go gcuirimid luach ar airgead ar fáil agus go bhfuilimid trédhearcach agus cuntasach. Tá sé uaillmhianach - ach tá sé insoláthartha. Is plean é atá bunaithe ar ár mbunluachanna; plean atá ilbhreathnaitheach. Tá rún daingean againn RTÉ a dhéanamh sa chaoi is go mbeidh sé láidir nua-aimseartha, go mbeidh ról aige i saol na hÉireann, go mbeidh muintir na hÉireann bródúil as agus go dtabharfar toradh níos fearr don phobal a ndéanaimid freastal air."
Is éard a dúirt Cathaoirleach Bhord RTÉ, Terence O’Rourke: "Tá na meáin Seirbhíse Poiblí ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin bhunúsacha. Níl RTÉ slán agus i gcaitheamh stair fhada an stáisiúin tá a chuid seirbhísí curtha in oiriúint aige don raidió, don teilifís, d’ardáin ar líne agus ansin don Player. Tá domhan nua anois ann de bharr na teicneolaíochta, na meán sóisialta agus de bharr na n-athruithe atá tagtha ar an gcaoi a fhaightear eolas, domhan ina gcaithfear bunathrú radacach a dhéanamh ar RTÉ chun go mbeifear in ann leanúint ar aghaidh ag freastal agus ag tabhairt léargas ar shochaí na hÉireann sa todhchaí. Táimidne, mar Bhord, i ndiaidh tástáil a dhéanamh ar an straitéis sin agus creidimid go dtugann sí treochlár réalaíoch don eagraíocht athrú a dhéanamh. Tá fís na straitéise soiléir. Tá a buntaca airgeadais réalaíoch agus inbhuanaithe."
Cúig Sprioc Straitéiseacha
Leagtar amach cúig sprioc do RTÉ sa straitéis chun an bunathrú atá riachtanach don eagraíocht a bhaint amach, mar aon leis na tionscnaimh a thacóidh leis na spriocanna sin agus na garspriocanna a bhfuil sé mar aidhm ag RTÉ iad a bhaint amach le linn shaolré na straitéise:
- Sprioc 1: An lucht féachana agus éisteachta a mhealladh le hábhar ar ardchaighdeán a théann i gcion orthu
- Sprioc 2: Táirgí agus seirbhísí sruthaithe den scoth a chur ar fáil
- Sprioc 3: Léiriúchán a éagsúlú agus tacú le forbairt earnálach ar fud na hÉireann
- Sprioc 4: Feidhmíocht láidir bainistíochta airgeadais a chinntiú
- Sprioc 5: Eagraíocht inbhuanaithe, iontaofa agus fhreagrach a fhorbairt