skip to main content

Catherine Ardagh ó Fhianna Fáil ceaptha ina hAire Stáit

a photograph of catherine ardagh and micheal martin
An tAire Stáit nuacheaptha Catherine Ardagh agus an Taoiseach Micheál Martin

Tá an Teachta Dála Catherine Ardagh ó Fhianna Fáil ceaptha ina hAire Stáit sa Roinn Dlí agus Cirt.

Toghadh Catherine Ardagh ina Teachta Dála i mBaile Átha Cliath Theas-Lár san olltoghchán in 2024 agus bhí sí ina Seanadóir roimhe sin.

Aturnae is ea Catherine Ardagh agus beidh sí freagrach as cúrsaí dlí idirnáisiúnta, athchóiriú an dlí sa Stát seo agus as ceartas i leith an aosa óig.

Fianna Fáileach eile, an tAire Stáit Niall Collins as Luimneach, tá seisean ag fágáil na Roinne Dlí agus Cirt agus tá sé le ceapadh ina Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta.

Beidh Niall Collins freagrach as foraoiseacht, sábháilteacht ar fheirmeacha agus as gairneoireacht.

Baineann an scéal leis an bhfolúntas atá sa Roinn Talmhaíochta ó d'éirigh an Teachta Dála Neamhspléach Michael Healy-Rae as a chúram an mhí seo caite i bhfianaise na n-agóidí náisiúnta faoi chostas breosla.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ