Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go gcaithfí na himpleachtaí diúltacha ar fad bainteach le smachtbhannaí ar 'Aughinish Alumina' a thuiscint.
Ag labhairt dó ag Féile 'Bloom' i mBaile Átha Cliath dúirt sé gur dócha gur measa d'Éirinn agus do thíortha an Aontais Eorpaigh ná don Rúis féin a léithid a dhéanamh.
Dúirt sé freisin nach raibh aon chuimhne ag an Rialtas 'Aughinish Alumina' a náisiúnú.
Tá rabhadh tugtha ag comhlacht 'Aughinish Alumina' don Rialtas go mbeidh impleachtaí ann d'eangach náisiúnta gáis agus leictreachais na tíre seo má dhéantar aon iarracht smachtbhannaí a ghearradh air.
Léirítear seo i gcáipéis a chuir an comhlacht faoi bhráid an Rialtais breis is seachtain ó shin agus atá feicthe ag an gcraoltóir RTÉ.
Shocraigh Coimisiún na hEorpa gan na smachtbhannaí sin a ghearradh go fóill ar chuma ar bith ar an scaglann seo ar leis an Rúis é agus atá lonnaithe in Inbhear na Sionainne i gCo.Luimnigh.
Déanfar athbhreithniú ar an chinneadh amach anseo a deirtear.
Easportáileann an comhlacht 'Aughinish Alumina' alúmana chun na Rúise.
Líomhnaítear go n-úsáidtear an t-amhábhar seo i ndéantús arm do fhórsaí na Rúise atá i mbun cogaidh san Úcráin le breis is 4 bliana anois.
Tá a chion féin den chonspóid tarraingte aige seo ó tháinig an t-eolas seo chun cinn 2 mhí ó shin.
Deir an comhlacht anois áfach nach mbeidh ar a chumas leanacht air ag feidhmiú in Éirinn má chuirtear smachtbhannaí i bhfeidhm air.
D'fhágfadh sin 475 post i mbaol ach deir an comhlacht freisin go mbraitheann an t-eangach náisiúnta ar an bhfuinneamh breise a ghineann a mhonarcha in Eas Géitinne le suas le 200,000 teach cónaithe a choinneáil ag imeacht.