Tá dóchas láidir anois ann go gcuirfear síneadh leis an sos lámhaigh idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin.
Deirtear go mbeidh fad 60 lá ag an sos lámhaigh nua agus go n-osclófar Caolas Hormuz in athuair le go mbeidh longa in ann earraí agus ola a thabhairt ó thíortha san Áis chuig tíortha an Iarthair ar bhealach níos scafánta.
Níl a bheannacht tugtha áfach ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump ná ag ceannairí na hIaráine d'aon chomhaontú nua go fóill.