Deir urlabhraí le hIarnród Éireann gur dóigh leis go mbeidh moill shuntasach an chuid eile den lá ar sheirbhísí an DART i mBaile Átha Cliath chomh maith le roinnt seirbhísí traenach eile i gcodanna áirithe den tír.
Fabht mór comharthaíochta a tharla mar gur chlis ar cheann de na ríomhairí atá lárnach leis an tseirbhís a choinneáil sa tsiúl.
Deirtear go bhfuil an fabht sin deisithe agus go bhfuil traenacha ag bogadh arís.
Mar sin féin beidh tamall ann sula mbeidh cúrsai mar is ceart arís.