skip to main content

'Fear pobail ab ea é'- Cuimhní cinn ar Gabriel Rosenstock

Labhair Mícheál Ó Ruairc agus Theo Dorgan faoin bhfile, Gabriel Rosenstock a fuair bás an tseachtain seo agus an oidhreacht a d'fhág sé ar an bpobal liteartha agus an pobal Gaeilge.

Dúirt Mícheál go raibh aithne aige ar an bhfile nuair a chuaigh sé go Baile Átha Cliath sna 80í. Duine d'fhilí Inntí ab ea Rosenstock agus chuir sé go leor, leor leabhar i gcló i mBéarla agus i nGaeilge ó shin.

Rinne Ó Ruairc an-chur síos ar an bhfear a bhí lán le spraoi agus a raibh an-spéis aige sa cheol agus in rásaíocht capall agus cúanna freisin. Murab ionann agus filí eile, deir Ó Ruairc gur 'fear pobail ab ea é' agus go mbíodh sé sásta a bheith i gcomhluadar daoine.

Éist anseo le Theo Dorgan ag caint faoin bhfile agus a oidhreacht ar Arena ar RTÉ Radio One.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Labhair sé freisin faoi mheon Gabriel a bhí leathan agus mistéireach agus a d'fhéach i dtreo an domhain thoir, é fiosrach faoi shaol na ndaoine sin. Fear é a 'bhain taitneamh as an saol', a dúirt Ó Ruairc, faoina chara.

Dúirt Theo Dorgan gur chuir sé aithne ar Gabriel ar an Ollscoil i gCorcaigh, díreach sular cuireadh tús le hiris Innti. Gníomh réabhlóideach ab ea an iris ag an am, in aon teanga, a deir Dorgan. Aonarán amach is amach ab ea é agus go raibh sé tógtha leis an spioradáltacht agus é ina fhear óg.

File ab ea é a raibh spéis mhór aige sna cultúir a mhair i bhfad uainn agus a chuaigh i mbun aistriúcháin ó Urdu, ón tSínis agus ón tSeapáinis, tréith neamhchoitianta go maith d'fhear dá aois, a deir Dorgan agus tá súil aige go mbeidh an spéis sin mar chuid lárnach den oidhreacht a fhágann sé ina dhiaidh.

portrait

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00