skip to main content

Idirnáisiúnta ach áitiúil: Barrscéalta in ómós do Moya Brennan

Craoladh eagrán speisialta de Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta in omós do Mhoya Brennan nó Máire Ní Bhraonáin ag ceiliúradh a saoil agus an oidhreacht shaibhir a d'fhág sí ina diaidh.

Chuir Michelle Nic Grianna clár speisialta ómóis do Moya Brennan nó Máire Ní Bhraonáin a cailleadh an tseachtain seo. Labhair Cormac de Barra, cara mór léi faoina hoidhreacht agus dúirt sé go raibh sé deacair an saol a shamhlú gan í.

Labhair cairde le Máire, Daniel O' Donnell agus Mairéad Ní Mhaonaigh faoina gcara álainn atá ar shlí na fírinne ar an Six One ó Theach Leo.

'Although she travelled the world, she was rooted in her home place'

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Dúirt Mairéad Ní Mhaonaigh go raibh 'duine tábhachtach ar shiúl' agus labhair sí faoin tacaíocht a thug sí do cheoltóirí óga agus iad ag teacht inimhe.

Éist le Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 11 agus meánlae.