skip to main content

Paráid na Féile Pádraig: ní turas Góidrisc a dhéanfar i mbliana

Paráid na Féile Pádraig, Baile Átha Cliath, 2019
Paráid na Féile Pádraig, Baile Átha Cliath, 2019

Beidh Páráid Náisiúnta na Féile Pádraig ar siúl i mBaile Átha Cliath arís i mbliana den chéad uair ó 2019.

Dar le lucht eagraithe na féile sa phríomhchathair go mbeidh paráid na bliana seo ar an gceann is mó agus is uaillmhianaí riamh.

Ealaíona, cultúr agus oidhreacht na hÉireann a cheiliúradh is ea téama na féile, a deir siad.

Maíonn siad go dtabharfaidh imeachtaí beo na féile deis d'Éireannaigh sa bhaile agus i gcéin teagmháil le chéile, meabhrú ar na dúshláin a bhain leis an bpaindéim Covid-19 agus - thar aon ní eile - an saol a cheiliúradh.

Den chéad uair chomh maith, bunófar "Ceathrú na Féile" ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin.

Beidh imeachtaí ilghnéitheacha ar siúl sa cheantar sin ó mhaidin go faoithin agus cuirfear fáilte roimh liath agus leanbh, a deir an lucht eagraithe.

Fágann sin nach turas Góidrisc a bheas ann den chéad uair le dhá bhlian don draoi daoine a thiocfas chuig an bparáid ó gach uile chearn den tír.

Taoiseach Dhún Briste i Maigh Eo ab ea Góidrisc a chuir bagairt gan aon ghar ar Naomh Pádraig, dar leis an Duinníneach.