Caithfidh an Rialtas seasamh le iascairí agus le earnáil an iascaigh i gcoitinne, a deir Breandán Ó Beirne, Príomhfheidhmeannach Chumann Próiseála agus Onnmhairiú Éisc na hÉireann, nó ní mhairfidh an tionscal 10 mbliana eile.

Polasaithe an Rialtais, ag dul siar le blianta fada, agus ní tionchar ón taobh amuigh is mó atá ag déanamh dochair don iascaireacht sna Cealla Beaga i dTír Chonaill a dúirt sé le RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tá an lear éisc atá á thabhairt i dtír ag calafoirt na tíre ag laghdú bliain i ndiaidh bliana le 12 bliain as a chéile anois a deir an príomhfheidhmeannach, - mórúdar imní.