Aibhléis

Tá Uíbh Ráthach 20 bliain ar gcúl ó thaobh an bhonneagair aibhléise de dar leis an gComhairleoir Contae ón gCoireán, Norma Moriarty.

Ag cruinniú Cheantar Bardasach Neidín Dé hAoine, dúirt sí go bhfuil laige sa chóras toisc nach bhfuil ach an t-aon líne chumhachta 38 Cilea-Volta ag dul isteach ar an leithinis, agus gur fágadh na céadta ceal aibhléise nuair a briseadh an ceangal san le linn na droch-aimsire.

Ghlac Cruinniú an Cheantair Bhardasaigh, le rún an Chomhairleora Moriarty, go n-iarrfaí cruinniú ar Líonraí Bhord Soláthair an Leictreachais chun an cheist a phlé.

Iarrthóirí tearmainn

Ba cheart do pholaiteoirí a bheith stuama agus réasúnta ina gcuid cainte maidir le hinimircigh chun na tíre seo, a deir Iar-Mhéara Chill Airne Micheál Ó Gliasáin, a bhíonn ag obair leis an ngrúpa KASI a thugann tacaíocht d'iarrthóirí tearmainn ar an mbaile.

In agallamh don gclár Adhmhaidin inniu, deir sé go gcuir an foréigean a thit amach i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite scanradh air.

Tá fáilte curtha ag formhór mhuintir Chill Airne roimis na daoine atá tagtha ina measc a dúirt sé.

Salann

Tá sé cinn nua glan d’innill a leathann salann, curtha lena bhflít innealra ag Comhairle Contae Chorcaí.

Is fiú os cionn €200,000 an ceann iad na hinnill, a úsáidfear le linn na haimsire fuaire.

Is é Bonneagar Iompair Éireann a chuir maoiniú ar fáil do cheithre cinn acu, agus mhaoinigh an Chomhairle Contae féin, an dá cheann eile.

25 inneall dá leithéid atá ag Comhairle Contae Chorcaí anois, chun salann a leathadh ar timpeall le 291 ciliméadar de bhóithre náisiúnta, agus nach mór 12,000 ciliméadar de bhóithre réigiúnacha agus áitiúla nuair is gá.

CLG

Tionóladh Cruinniú Bliantúil Chumann Lúthchleas Gael na Rinne san Ionad Pobail aréir.

I dtuairisc an Rúnaí agus in aitheasc an Chathaoirligh, deineadh tagairt do bhua na Rinne ar Bhaile na Cúirte i gCluiche Ceathrú Ceannais Peile an Chontae i mí Dheireadh Fómhair agus faoin mbród agus faoin ardú croí a thug sé do gach duine sa cheantar.

Bhí cailliúint bheag airgeadais ag an gclub anuraidh, ar chaiteachas os cionn €42,000.

Tá sé beartaithe ag an gclub crannchur a reáchtáil gan mhoill le duais €10,000 don mbuaiteoir agus beidh €100 an ceann ar na ticéadaí.

Tá súil go dtosófar ar an obair ar an bpáirc uile-aimsire go luath san athbhliain.

Toghadh Tomás Ó Cadhla ina Uachtarán, tá Pádraig Ó hArtaigh ina Chathaoirleach, Catherine Uí Dhúnaigh ina Rúnaí, agus Vince Ó Floinn ina Chisteoir.

Toghadh Cillian Ó Murchú ina oifigeach caidreamh poiblí.