Tithíocht

Tá Coiste Tithíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall chun teagmháil a dhéanamh leis an Aire Tithíochta James Browne le Tithíocht Shóisialta atá buailte le Brící lochtacha a phlé.

Dúirt an Comhairleoir Declan Meehan, ball den Choiste, go bhfuil níos mo nó 1,800 teach sóisialta sa Chontae agus go bhfuil sé scannalach nach bhfuil Scéim Cúitimh ceadaithe daofa go fóill.

Dúirt sé nach bhfuil cuid mhór de na tithe seo sábháilte ná folláin agus go gcaithfear an cheist a phlé agus seo a mhíniú don Aire.

Scoileanna

Ábhar faoisimh, a deir Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, go bhfuil iarratas pleanála do Champas Trí Scoil i mBun Cranncha curtha chuig Comhairle Contae Dhún na nGall anois.

Dúirt sí ag Cruinniú den Bhord go bhfuil an togra seo ar na bacáin le níos mó ná 20 bliain agus go raibh go leor deacrachtaí anuas fríd na blianta láthair agus suíomh a aimsiú don Champas.

Tá sé beartaithe 3 scoil a thógáil, siad sin Coláiste Crana, Gaelcholáiste Eoghain agus Gaelscoil Bhun Cranncha.

Dúirt Anne McHugh go bhfuil siad ag súil le cinneadh ar an chead pleanála an 4 Bealtaine agus tá súil aici go gcuirfear tús leis an togra ag deireadh na bliana seo chugainn.

Dúirt Anne McHugh gur mhaith léi go mbeadh na Scoltacha foscailte faoi Mheán Fómhair 2030.

Scrúdú

Tá imní léirithe ag an Chomhairleoir Contae Albert Doherty agus ball de Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall faoin chaighdeán marcála atá leagtha amach do scrúduithe an Teastas Shóisearaigh atá a úsáid do dhaltaí atá ag tabhairt faoi scrúduithe Gaeilge T1 nó T2.

Dúirt sé go bhfuil imní léirithe ag tuismitheoirí ar mhaith leo a gcuid páistí a chur ag Gaelcholáistí agus an difear atá idir an caighdeán marcála idir Gaelcholáistí agus Scoltacha eile.

D'aontaigh Patsy Mac an Bhiocaire, ball den Bhord leis an Chomhairleoir Doherty agus dúirt sé go bhfuil sé féin ar roinnt Bord Bainistíochta i Scoltacha Gaeltachta agus go bhfuil difear mór sa chaighdeán marcála agus caighdeán T1 i bhfad níos déine.

Socraíodh plé a dhéanamh ar an cheist ag an chéad chruinniú eile den Bhord.

Eas

Tá maoiniú ag teastáil chun feabhas a chur ar áiseanna in aice leis an eas cáiliúil ag Ard an Rátha, a dúirt an Comhairleoir Contae Anthony Molloy.

Dúirt sé go bhfuil maoiniú ag teastáil chun an bealach fhad leis an eas a chóiriú, go dteastaíonn comharthaíocht, agus go bhfuil géarghá le leithris phoiblí ansin chomh maith.

Tagann na mílte chuig an eas ag Assaranca in Ard an Rátha achan bhliain, ach níl freastal mar is ceart á dhéanamh ar chuairteoirí, a dúirt an Comhairleoir Molloy.

Otharlann Leitir Ceanainn

Buntáiste mór a bheadh ann dá mbeadh Aonad Traenála agus Taighde in Otharlann Leitir Ceanainn a dúirt an Comhairleoir Ciarán Brogan.

Dúirt sé go mbaineann Otharlann Dhoire tairbhe iontach as an chomhoibriú le hOllscoil Uladh mar go bhfaigheann 70% de na mic léinn post san earnáil sláinte san Iarthuaisceart.

Dúirt an Comhairleoir Brogan go réiteodh Aonad Traenála ar Champas Otharlann Leitir Ceanainn na fadbhanna earcaíochta a bhíonn ag an Otharlann.