Féile Ealaíne na Cásca

Is é an t-ealaíontóir iomráiteach Liam Ó Neill a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil inniu ar Fhéile Ealaíne na Cásca ar an mBuailtín.

Tá an fhéile ar bun le 52 bliain, agus ealaíontóirí aitheanta na leithinse dulta i mbun na hoibre arís i mbliana leis na leanaí i mbunscoileanna Gaeltachta Chorca Dhuibhne.

Tá saothar na leanaí á thaispeáint le hais phictiúirí na n-ealaíontóirí sa mhúsaem ar an mBuailtín, óna 11-4 gach lá, go dtí an 10 Aibreán.

'Sé saol agus saothar Danny Mhic an tSíthigh, nach maireann, an file, údar agus fear farraige ó Bhaile Eaglaise, téama Fhéile Ealaíne na bliana so.

An Blascaod Mór

Deir muintir Chíobháin, a bhíonn ag tabhairt cuairteoirí ar bhád farantóireachta ó Fhaill Mhór Dhún Chaoin isteach go dtí'n Blascaod Mór, nach bhfuil sé i gceist acu praghas na dticéad a mhéadú i mbliana, in ainneoin ghéarchéim an bhreosla.

Deirid go bhfanfaidh praghas na dticéad mar a bhí anuraidh, sé sin €50 do dhaoine fásta agus €30 euro do leanaí.

Cuirtear tús le biaiste bháid an Bhlascaoid inniu, ach ní chuirfidh siad chun na farraige inniu, mar tá borradh ar an bhfarraige.

Feirmeoirí

Tá baol ann ná beidh a ndóthain fodair aigeas na feirmeoirí don ngeimhridh, má thagann maolú ar an méid saghlais a ghearrtar i rith an tsamhraidh de dheasca ghéarchéim an bhreosla.

Sin a dúirt an feirmeoir agus an conraitheoir talmhaíochta ó Choraghráig, Eoin Ó Muircheartaigh, in agallamh don gclár Adhmhaidin inniu.

Cathair Chorcaí

Molfaidh an Taoiseach Micheál Martin ag cruinniú an Rialtais inniu go mbunófaí Tascfhórsa nua maidir le fás agus forbairt Chathair Chorcaí.

Scrúdóidh an Tascfhórsa, Plean Forbartha agus Oibríochtaí na Cathrach don dtréimhse 2025 go dtí 2030, agus cuirfidh sé tuarascáil fé bhráid an Rialtais maidir le dul chun cinn an phlean agus aon ní a d’fhéadfadh a bheith ina bhac ar an ndul chun cinn.

Pléifear an infheistíocht ón iasacht agus forbairt na ngnónna dúchasacha, mar aon le cúrsaí ealaíne agus cultúir.

Ceapfar Brendan Tuohy ina Chathaoirleach Neamhspleách ar an ngrúpa agus cuirfear tuarascáil fé bhráid an Rialtais fén samhradh.

An Ghaelainn agus CLG

Cé go bhfuil deireadh tagtha leis an dtogra trí bliana a bhí ar bun ag Cumann Lúthchleas Gael Chúige Mumhan, i gcomhar le Foras na Gaeilge, chun an Ghaelainn a chur chun cinn sa Chúige, tá sé fógartha ag Comhairle na Mumhan go leanfar leis an ndea-obair, agus post an Oifigigh Forbartha Gaelainne maoinithe ag an gComhairle féin.

Ceapadh Aedín Ní Bhriain sa phost don dtréimhse trí bliana agus beidh sí fostaithe go díreach feasta ag Comhairle na Mumhan.

Céanna an Neidín

Tá €240,000 le caitheamh ar chothabháil agus ar dheisiú céanna agus calafoirt i gceantar an Neidín i mbliana, agus na hoibreacha le scaipeadh ar roinnt suíomhanna ar fud an cheantair.

Tugadh an méid seo le fios i gcruinniú de chuid Cheantar Bardasach Neidín le déanaí.

Tá béim ar an tsábháilteacht agus ar an gcothabháil, seachas ar aon fhorbairt nua, agus tá céanna i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh, ar nós Chuan Dhoire Fhíonáin, san áireamh.

Sábháilteacht Bóithre

Tá sé molta ag an gComhairleoir Anne O’Sullivan ag Cruinniú Chomhairle Chontae Chiarraí, go scrífí go dtí an tAire Iompair Darragh O’Brien agus an tAire Stáit um Shábháilteacht ar Bhóithre, Seán Canney, fés na difríochtaí atá idir na rialacha a bhaineann le tiománaithe innealra talmhaíochta, i gcomparáid le tiománaithe cairteacha.

Caithfidh foghlaimeoirí a bheith in éineacht le tiománaí eile sa chairt, ach tá cead acu innealra feirme agus leantóirí a thiomáint leo féin, a dúirt sí.

Tharraing sí anuas chomh maith na difríochtaí atá idir na rialacha oiliúna agus tástála dos na feithiclí éagsúla agus í ag éileamh go ndéanfaí measúnú air seo.