Tragóid an Chraoslaigh
Tá sé curtha in iúl ag Preasoifig na nGardaí go bhfuil comhad breise curtha faoi bhráid an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí mar pháirt dá bhfiosrúchán faoi thragóid an Chraoslaigh.
Tá an comhad breise seo mar chuid den phríomhchomhad a cuireadh faoi bhráid Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí an 29ú Meán Fómhair 2025 agus tá moltaí oifigiúla leagtha síos sa chomhad breise ag an Gharda Síochána.
Bhí cruinniú idir oifigeach idirchaidrimh do theaghlaigh na nGardaí le teaghlaigh na ndaoine a maraíodh i dtragóid an Chraoslaigh tráthnóna inné le hiad a chur ar an eolas faoin scéal is deireanaí san fhiosrúchán.
Tá na Gardaí go fóill ag achainí ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu faoin phléasc go háirithe duine ar bith a bhí ag láthair na tragóide agus nach bhfuil teagmháil déanta acu le Gardaí go dtí seo, teagmháil a dhéanamh le stáisiún Gardaí Bhaile na nGallóglach ag an uimhir 074 9153060, uimhir rúnda na nGadaí ag an uimhir 1800 666 111 nó le haon stáisiún Gardaí ar bith.
Tá an tAire Dlí is Cirt, Jim O'Callaghan le casadh le teaghlaigh na ndaoine a maraíodh i dtragóid an Chraoslaigh go luath.
Deichniúr a maraíodh i dtragóid an Chraoslaigh ar an seachtú lá de Dheireadh Fómhair, 2022.
Comóradh na Cásca
Beidh go leor imeachtaí a n-eagrú ar fud Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo i gcuimhne ar laochra 1916 a throid ar son shaoirse na hÉireann.
Beidh an príomhimeacht ar siúl i Srath an Urláir Domhnach Cásca ag a 3.00pm agus is é an Teachta Dála Pádraig Mac Lochlainn a bheidh mar aoi chainteoir.
Beidh ócáidí chomórtha ar siúl amárach i Leifear, i mBun Cranncha agus i nDroim Eochaille.
I measc na n-áiteanna a mbeidh ócáidí Domhnach Cásca ar siúl, beidh Gaoth Dobhair, Gleann Cholm Cille, Droim Chaoin agus Caisleán na Finne.
Ar Luan Cásca, beidh imeachtaí ar siúl i dTamhnach an tSalainn, i bPaiteagó, i gCarraig Airt agus i bhFánaid. Rinne Maria Doherty, Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Dhroim Bó cur síos ar na himeachtaí.
Dúirt Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Dhroim Bó, Maria Doherty, atá ag eagrú ócáidí chomórtha na Cásca i nDún na nGall, nach bhfuil go leor á dheanamh ag an Taoiseach ná ag an Rialtas, chun ullmhú d’Éire Aontaithe.
Tá sé de dhualgas ar an Taoiseach agus ar an Rialtas na hullmhúcháin a dhéanamh chun Éire Aontaithe, a bhaint amach, a dúirt sí.
Cé go bhfuil obair áirithe ar bun ar nós an togra Shared Ireland, teastaíonn i bhfad níos mó oibre chun ullmhú d’Éire Aontaithe, a dúirt Maria Doherty.
Seicphointí faoi Cháisc
Beidh go leor seicphointí ag na Gardaí ar bhóithre ar fud Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo, agus tá siad ag impí ar thiománaithe tiomáint go cúramach agus go freagrach.
Cuireadh tús le dianfheachtas na nGardaí ar na bóithre ag a 7.00 maidin inné agus leanfar leis an fheachtas seo go dtí’n 7.00 maidin Dé Máirt.
Dúirt an Garda Éamonn Ó Gallachóir go mbeidh go leor tráchta ar na bóithre ag an deireadh seachtaine, agus dúirt sé go mbeidh na Gardaí ag coinneáil súil ghéar ar iompar tiománaithe le linn an deireadh seachtaine saoire bainc.
Díreofar go mór ar chúrsaí luais, úsáid fón póca agus ar dhaoine a d’fhéadfadh a bheith faoi thionchar an óil agus drugaí, a dúirt an Garda Ó Gallachóir.
Ceardlanna SEAI
Beidh ceithre cinn de cheardlanna eolais a reáchtáil ag SEAI i nDún na nGall go ceann roinnt seachtainí.
Beidh ceardlann a eagrú ag SEAI i gcomhair le Cill Ulta in Óstán Loch Altan do bhunadh na Gaeltachta faoi uasghrádú fuinnimh ar an Déardaoin an 9ú Aibreán, ón 4.00 go dtí’n 7.00.
Tabharfar eolas lena linn ar uasghrádú fuinnimh ar thithe, ar na deontais atá ar fáil, ar chaidéil teasa, ar painéil ghréine agus ar iasachtaí glasa.
Beidh bolgáin LED á dtabhairt amach saor in aisce ag an imeacht i nGort an Choirce Déardaoin seo chugainn, do dhaoine a thugann na seanbholgáin leo chuig an ócáid.
Beidh teorann thrí cinn de bholgáin LED an duine i gceist.